‘An díoltas seo, cad a bheidh ann?’
Thóg sé meandar go bhfásfadh an cheist isteach ina aghaidh. Shíl mé ar an neomat sin go raibh sé cosúil le fear rince Ghaelaigh, marbh ón gcom aníos, go dtí gur dhúisigh sé.
‘Beidh le fáinne an lae,’ ar seisean. ‘Ní hé an lá amárach atá i gceist agam, ach lá an tsléibhe. Lá na cinniúna. Lá an luain. Lá a bheicfear an sleánaitheoir ag teacht ina charbad. Lá an bháire. An lá ruabhán. Lá coillte. Lá coillidh. Lá na marbh. Lá chligeann bliana. Lá fiaigh. Lá córa. Lá gach coise tinne. Lá Thadhg na dTaodann. Lá na sprice seirbhe. Lá an chuntais. An lá go gcuirfear an ceart ina shuí. An lá go luath. Lá an díoltais.’
Bhain siar asam, agus in ainneoin na doircheachta, bhí an seomra lán le solas an teasa.
‘Cé tá igceist?’ d’fhiafraigh mé chomh séimh is a d’fhéadfainn tar éis don fhuarloch imeacht tharm.
‘Na Mac Donnchadhadhaigh,’ ar seisean, agus snag in ghlór, ‘cé eile? Na focdonachúaigh, na focandonachuntaigh, na donachuntaigh siar amach, na micídonas, na macdunnasachaí gránna, na donadhonnachachuntachímhacdonchaílíochaí a bhain an lámh díom. Cé eile?’
—Lámh, Lámh Eile le Alan Titley (Cló Iar-Chonnacht, 2018)