February 12, 2022

Bhí fuil le tarraingt anseo.

Is cinnte go raibh sleáin acu, corráin chomh maith. Pící is piocóidí. Duáin chasta is bacáin bhéinse. Crochaí tógála agus crúcaí lúbtha. B’fhéidir go raibh camáin acu go fiú. Is cleitheacha ailpín. Smachtíní smeartha. Maidí murail. Bataí bacaigh. Ba leor aon leathfhéachaint amháin. Bhí fuil le tarraingt anseo. Iad ar son aghaidh a thabairt ar a chéile. Gan rialacha, ba dhóigh liom.

Lámh, Lámh Eile le Alan Titley (Cló Iar-Chonnacht, 2018)