December 21, 2021

Ag Stopadh sa Choill Oíche Shneacht

Ag Stopadh sa Choill Oíche Shneacht

Aistriúchán le Cathal Ó Manacháin ar
‘Stopping by Woods on a Snowy Evening’ le Robert Frost

Is eol dom an choill seo agus cé leis í,
Ach is sa bhaile a bhíonn sé ag cur faoi.
Ní fheicfidh sé muid ag stopadh dúinn
Le hamharc ar a choill ag bánú di.

Is saoithiúil le mo chapaillín,
Sinn stopadh gan áitreabh in aice linn,
Idir an choill agus an t-oighearloch
An oíche is dorcha den bhliain.

Tosaíonn an clog ar a chuing a chlingíneach,
Ag fiafraí díom cá bhfuil an teach,
Ach seachas fannghaoth agus sneachta ag séideadh,
Ní chluintear fuaim ó aon neach.

Is breá liom an choill seo sa dúgheimhreadh,
Ach tá gealltanais agam le comhlíonadh,
Is na mílte le taisteal roimh chodladh,
Is na mílte le taisteal roimh chodladh.

December 4, 2021

An Chircín Rua

Is é an leagan seo leabhar cláir a léigh muid go minic le L— nuair a bhí sé ina lapadán.

An Chircín Rua
Scríofa le Byron Barton (1997, Harper Festival)
Aistrithe le Oiric Mac Róis Fá Bhláth (2021)

Bhí ceathrar cara ann aon uair amháin: muc, lacha, cat, agus circín rua. Tá triúr éanán ag an chircín rua.

Lá amháin bhí an chircín rua ag piocadh sa talún, agus bhfuair sí roinnt síolta.

Chuaigh sí go dtí a triúr cara agus d’fhiafraigh leo: Cé an cuidiú a thabharfas dom na síolta seo a chur?

Ní mise, a scréach an mhuc.
Ní mise, a vách an lacha.
Ní mise, a meamh an cat.

Más ea, cuirfidh mise féin na síolta, a deir an chircín rua. Agus chuir sí.

Agus gheamhraigh na síolta agus d’fhás a bheith gasa móra cruithneachta.

Ansin d’fhiafraigh an chircín rua lena triúr cara: Cé an cuidiú a thabharfas dom na gasa seo a bhaint?

Ní mise, a meamh an cat.
Ní mise, a scréach an mhuc.
Ní mise, a vách an lacha.

Más ea, bainfeadh mise féin an cruithneacht, a deir an chircín rua. Agus bhain sí.

Ansin d’fhiafraigh an chircín rua lena triúr cara: Cé an cuidiú a thabharfas dom an cruithneachta seo a cháith?

Ní mise, a scréach an mhuc.
Ní mise, a vách an lacha.
Ní mise, a meamh an cat.

Más ea, cáithfeadh mise féin an cruithneacht, a deir an chircín rua. Agus cháith sí.

Ansin d’fhiafraigh an chircín rua lena triúr cara: Cé an cuidiú a thabharfas dom na gráin seo a mheilt i bplúr?

Ní mise, a scréach an mhuc.
Ní mise, a vách an lacha.
Ní mise, a meamh an cat.

Más ea, mealfaidh mise féin an cruithneacht i bplúr, a deir an chircín rua. Agus mheal sí.

Ansin d’fhiafraigh an chircín rua lena triúr cara: Cé an cuidiú a thabharfas dom an plúr seo a dhéanamh in arán?

Ní mise, a meamh an cat.
Ní mise, a scréach an mhuc.
Ní mise, a vách an lacha.

Más ea, déanfaidh mise féin an plúr in arán, a deir sí. Agus rinne.

Ansin scairt an chircín rua lena cairde: Cé an cuidiú a thabharfas dom an arán seo a ithe?

Tabharfaidh mise, vhách an lacha.
Tabharfaidh mise, mheamh an cat.
Tabharfaidh mise, scréach an mhuc.

Ára, ní thabharfaidh, dúirt an chircín rua leo.

Iosfaidh muidne féin an t-arán.