December 21, 2021

Ag Stopadh sa Choill Oíche Shneacht

Ag Stopadh sa Choill Oíche Shneacht

Aistriúchán le Cathal Ó Manacháin ar
‘Stopping by Woods on a Snowy Evening’ le Robert Frost

Is eol dom an choill seo agus cé leis í,
Ach is sa bhaile a bhíonn sé ag cur faoi.
Ní fheicfidh sé muid ag stopadh dúinn
Le hamharc ar a choill ag bánú di.

Is saoithiúil le mo chapaillín,
Sinn stopadh gan áitreabh in aice linn,
Idir an choill agus an t-oighearloch
An oíche is dorcha den bhliain.

Tosaíonn an clog ar a chuing a chlingíneach,
Ag fiafraí díom cá bhfuil an teach,
Ach seachas fannghaoth agus sneachta ag séideadh,
Ní chluintear fuaim ó aon neach.

Is breá liom an choill seo sa dúgheimhreadh,
Ach tá gealltanais agam le comhlíonadh,
Is na mílte le taisteal roimh chodladh,
Is na mílte le taisteal roimh chodladh.