Rí na Sióg
Aistriúchán le Eoin Mc Evoy ar ‘Der Erlkönig’ le Johann Wolfgang von Goethe
Cé seo ar an gcapall chomh deireanach san oíche?
An t-athair is a mhac ag rás tríd an ngaoth.
Tá an gasúr go daingean go socair lena ucht
Coinníonn sé teolaí lena chroí é go docht.
A mhaicín, cad chuige a bhfolaíonn tú d’aghaidh?
A Dheaide, nach bhfeiceann tú an tsióg ar an gclaí?
An Rí atá ann lena ruball is a choróin!
A mhaicín, a thaisce, níl ann ach bréid cheo.
Nach dtiocfaidh tú liom, a bhuachaillín lách?
Go dté muid ag súgradh le chéile go lá
Tá bláthanna áille thíos cois na trá
Is éadaí mar ór i seomraí mo mháthar.
A Dheaide, a Dheaide, nach gcloiseann tú chugainn
Glór Rí na Sióg ’ mo mhealladh go ciúin?
Fan socair, bí socair, ná bac leis, a chroí,
Níl ann ach na duilleoga á mbreith ag an ngaoth.
A pháiste chaoin dhil, nach dtiocfá anois?
Tabharfaidh m’iníonacha an-aire duit
Déanfaidh siad rince na sí ag an ráth
Cealgfar a chodladh thú le suantraí bhreá.
A Dheaide, a Dheaide, nach bhfeiceann tú thall
Iníonacha an Rí i ndorchacht na gcrann!
A mhaicín, a thaisce, sea, feicim go glé
Seansaileacha liatha is iad geal faoin ré.
Meallann do chló mé, a bhuachaill, a shearc,
Is murar teacht ded’ dheoin é, imreoidh mé forneart!
A Dheaide, a Dheaide, anois braithim a lámh!
Tá Rí na Sióg dom ghortú, dom chrá!
Tagann scéin ar an athair is géaráionn ar a phráinn
Le gach cnead óna ghasúr ina lámha go fann,
Isteach leis sa chlós go fuascrach garbh,
Thíos ina bhaclainn bhí an gasúr marbh.
|