September 18, 2021

Tuarisc leabair bhig: Fatwa, le Proinsias Mac A’ Bhaird

Roinn Olaf Errwigge an tuarisc seo ar Facebook leis an grúpa Gaeilge Amháin. Léigh mé an leabhar le gairid agus aontaím leis faoi. Fiú nuair go bhfuil an gníomh lán le teannas, bhí go minic a raibh mé ag gáire amach, agus ar an iomlán is leabhar tuisceanach agus daonna é. Chomh maith, déanann an t-údar spraoi le “Google Translate”, fiú leis an teideal ar an leabhar diamhaslach atá i gceist.

Go hiontach an úrscéal Fatwa le Proinsias Mac A’ Bhaird (Coiscéim, 2019). Leannainn an leabhar an ábhar den úrscéal dá chuid, Tairngreacht, a raibh foilsithe an bhliain roimh, is é sin antoisceachas creidimh. I dTairngreacht, bhí cumann rúnta dílse don chreadimh a smaoinigh siad a raibh an fíorchreadamh Críostaí mar Colm Cille, agus rún atá acu an pápa agus a chairdinéal san Róimh a chur ina gcríochnaithe. I bhFatwa, ar ndóigh, is éadulaingt iad na Moslamach ar maslaí lena bhFáidh Mahamad.

Cé mar scéinséir a raibh Tairngreacht go hiomlán, is scéinséir i gcuideanna é Fatwa, ach is aoir é fosta, aoir ar chreadeamh, ar litríocht Ghaeilge chomhaimseartha agus na hirisí liteartha, ar an nGaeltacht féin, agus ar stócaigh ag fás go fóill agus a dtreoir á aimsiú. Ach is scéal tuisceanach é, é báúil le laige an duine agus na streachailte leis an slí bheatha a fháil. Ceann de na ceachtanna ná ní hea an jiohád an chlaímh dóigh maith girseacha a chur in aithne nó go teacht amuigh mar duine aerach. Tá giota tragóid ann leis na stócaigh sin.

Ach tá go minic atá an scéal greannmhar ar fad, fiú nuair atá sé lán le teannas agus le contúirt. Is é an príomhdhióc nach léite ag duine ar bith an scéal fá Mahamad a raibh scríofa i nGaeilge – ní idir na daoine maslaithe ná na daoine ar son an saoirse léirithe.

Chomh maith, mar i dTairngreacht le caibidlí don faoistin Colm Cille a raibh faighte i dtochailt seandálaíochta, tá sleachta as “Ridire an Fhásaigh” i bhFatwa. Sin é an teideal ar an úrscéal maslach i gceist, an scéal fán iarraidh na treibheanna Araibis ina n-aointaigh faoi dhia amháin. Ar bhealach, is ionnan an scéal seo agus an scéal fán stócach a shlí a bheith ag aimsiú.