February 18, 2021

Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil

Is grástúil é an leabhar seo, an triú cheann sraithe. Agus grástúil atá a laoch óg, Lúcás Ó Bhriain, pionsóir den scoth, léannta, fiosrach, machnamhach, múinte, agus saonta. Giota beag mar Parsifal mar laoch. Tá sé gafa istigh plota mór casta, spiaireachta agus polaitíochta, agus creidimh i gceist freisin – bhíothas siocháin ar bun in Eoraip sa bhliain 1612, ach tá gabháil níos crua ar bun in Éirinn faoin rí nua Sasanach. Le linn a thurais ó Ghaillimh go dtí an Róimh, tá níos lú ina thuiscint an níos mó ina fhios air.

Tar éis a éalamh Sasana le báid go dtí na tIsilthíortha ag an deireadh dara leabhar, dúisíonn Lúcás ag tús an cheann seo i bhFrainc, baile beag cois fharraige san Bhríotáin. Bhí stoirm ar muir agus bhualadh a chloigean le crann scóide (.i. búm) an bháid. Tar éis an oiread sin gníobh i Sasana, bhí sé anois ina scíth, an t-aoi amháin in óstán leis an bhean tí agus a hiníon déagach aisteach, ag fanacht a neart a fhilleadh.

Ansin bád eile go hOstainn agus eachtraí nua ina hiarraidh a bhealach a dhéanamh go Róimh an litir diamhair a sheachadadh cuig an lámh Aoidh Mhór Uí Néill. Go fírinneach tá an cuid is mó den eachtraí i dtaobh an turas fada seachas an tóir Sasanach chun Lúcás a dunmháradh agus an litir a gabhail as: tríd na tíortha éagsula, na cathreacha mhúrtha, na bailte ar an mbóthar, agus na daoine go hairithe.

Is é bealach na Spáinneach an bóthar mileata idir Milano agus Bruiséil. Ó Lobháin taistealaíonn Lúcás le buíon de triúr shiúr agus triúr saighdiúir agus a ngiollaí mar tionlacán, Éirinneach siúd uile. Tá na saighdiúirí i seirbhís Uí Néill, agus bhí aithne ag an ceannaire ar an athair Lúcáis. (Faoin am seo, tá a bfhios ag roinnt na hÉireannaigh i ndeoraíocht i Lobháin ar an litir agus cé hé Lúcás féin.)

Ní gá a rá, baineann Lúcás Róimh amach agus criochnaíonn sé an scéal i seomra i mbarr páláis fad a bheith an t-amhránaí cáiliúil Girolamo ag canadh amhráin John Dowland i gcóisir i mbun.

“Dúradh liom gur litir thábhachtach í agus go gcaithfinn í a leagan isteach i lámha Uí Néill agus ina lámha seisean amháin. Rinne mé sin.” Thóg sé 1,262 leathanach (agus cló níos lú ná an cinn eile sa sé chéad leathanach an triú leabhar seo), gach uile acu suimiúil, beoga, tochtmhar go minic le gliondar agus iontas nó cumha agus brón, go hálainn i gcónaí.

[Bhí an leabhar foilsithe ag Leabhar Breac]
[An chéad leabhar sa tsraith: An Litir]
[An dara leabhar sa tsraith: I dTír Strainséartha]