| Ag Stopadh sa Choill Oíche Shneacht Aistriúchán le Cathal Ó Manacháin ar ‘Stopping by Woods on a Snowy Evening’ le Robert Frost
 Is eol dom an choill seo agus cé leis í, Ach is sa bhaile a bhíonn sé ag cur faoi.
 Ní fheicfidh sé muid ag stopadh dúinn
 Le hamharc ar a choill ag bánú di.
 Is saoithiúil le mo chapaillín, Sinn stopadh gan áitreabh in aice linn,
 Idir an choill agus an t-oighearloch
 An oíche is dorcha den bhliain.
 Tosaíonn an clog ar a chuing a chlingíneach, Ag fiafraí díom cá bhfuil an teach,
 Ach seachas fannghaoth agus sneachta ag séideadh,
 Ní chluintear fuaim ó aon neach.
 Is breá liom an choill seo sa dúgheimhreadh, Ach tá gealltanais agam le comhlíonadh,
 Is na mílte le taisteal roimh chodladh,
 Is na mílte le taisteal roimh chodladh.
 |