| Rí na Sióg Aistriúchán le Eoin Mc Evoy ar ‘Der Erlkönig’ le Johann Wolfgang von Goethe
 Cé seo ar an gcapall chomh deireanach san oíche?An t-athair is a mhac ag rás tríd an ngaoth.
 Tá an gasúr go daingean go socair lena ucht
 Coinníonn sé teolaí lena chroí é go docht.
 A mhaicín, cad chuige a bhfolaíonn tú d’aghaidh?A Dheaide, nach bhfeiceann tú an tsióg ar an gclaí?
 An Rí atá ann lena ruball is a choróin!
 A mhaicín, a thaisce, níl ann ach bréid cheo.
 Nach dtiocfaidh tú liom, a bhuachaillín lách?Go dté muid ag súgradh le chéile go lá
 Tá bláthanna áille thíos cois na trá
 Is éadaí mar ór i seomraí mo mháthar.
 A Dheaide, a Dheaide, nach gcloiseann tú chugainnGlór Rí na Sióg ’ mo mhealladh go ciúin?
 Fan socair, bí socair, ná bac leis, a chroí,
 Níl ann ach na duilleoga á mbreith ag an ngaoth.
 A pháiste chaoin dhil, nach dtiocfá anois?Tabharfaidh m’iníonacha an-aire duit
 Déanfaidh siad rince na sí ag an ráth
 Cealgfar a chodladh thú le suantraí bhreá.
 A Dheaide, a Dheaide, nach bhfeiceann tú thallIníonacha an Rí i ndorchacht na gcrann!
 A mhaicín, a thaisce, sea, feicim go glé
 Seansaileacha liatha is iad geal faoin ré.
 Meallann do chló mé, a bhuachaill, a shearc,Is murar teacht ded’ dheoin é, imreoidh mé forneart!
 A Dheaide, a Dheaide, anois braithim a lámh!
 Tá Rí na Sióg dom ghortú, dom chrá!
 Tagann scéin ar an athair is géaráionn ar a phráinnLe gach cnead óna ghasúr ina lámha go fann,
 Isteach leis sa chlós go fuascrach garbh,
 Thíos ina bhaclainn bhí an gasúr marbh.
 |